Iniúchadh a dhéanamh ar ár dTaighde

Tá tuarascálacha ó thoghcháin agus reifrinn roimhe seo ar fáil saor in aisce

Tuilleadh eolais

De réir an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022 tá údarás suntasach ag an gCoimisiún Toghcháin (An Coimisiún) cláir thaighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartais agus ar ghnáthaimh thoghcháin, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le feidhmiú a chuid feidhmeanna féin. I mí Iúil 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin an chéad chlár taighde dá chuid, Clár Taighde 2024-2026, i ndiaidh gur tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin poiblí. Gné den chlár sin ab ea coimitmint Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) maidir le hÉirinn a fhorbairt.

Data

Toghcháin an Uachtaráin

2025

Bhí Toghchán an Uachtaráin ar siúl in Éirinn ar an 24 Deireadh Fómhair 2025. Ar chomhairle Bhord Bainistíochta NEDS, choimisiúnaigh an Coimisiún Toghcháin suirbhé painéil fadaimseartha a raibh trí chéim ag baint leis. Bhí sampla ionadaíochta de dhaonra na hÉireann atá 18+ bliain d’aois páirteach sa suirbhé, vótálaithe agus neamhvótálaithe ina measc.

Olltoghchán

2024

Reáchtáladh Olltoghchán chun an 34ú Dáil a thoghadh ar an 29 Samhain 2024. Choimisiúnaigh an Coimisiún suirbhé aghaidh ar aghaidh a rinne ionadaíocht ar an tír ar fad le neamhvótálaithe chomh maith le vótálaithe.

Na Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram

2024

Bhí dhá reifreann ann ar an 8 Márta 2024. Phléigh an chéad reifreann leis an sainmhíniú Bunreachtúil ar an rud is teaghlach ann, agus is le ceist an chúraim a bhain an dara ceann.